Siopa Dixon agus siopa Annie Phaidí (Mulhern) a bhí siad ag déileáil leis den chuid is mó, bhí oifig an phoist agus teach leanna i dtigh Dixon fosta. Bhí muintir an oileáin iad féin ag tabhairt na n-earraí isteach an oileáin. Le linn droch aimsir ní bheadh bád ar bith ábalta a ghabháil ar an fharraige agus ní bheadh siad ábalta fáil amach. Chaitheadh siad stór a bheith acu, bhí cuid an talaimh uilig acu le cois ba, uibheacha agus coirce. Ní raibh mórán ganntanas ocrais am ar bith acu. Ba plúr agus ola is mó a bhí le tabhairt isteach. Bhí siopaí beaga istigh ar an oileán agus d’iompraíodh siad na lastaí plúr suas go dtí na siopaí. | 00:04:36 | |